LetsSingIt the internet lyrics database
en
1
picture

"Cuach Mo Lon Dubh Buí" Lyrics

/ 5
Song updated, review now!
Bhí mise's mo bhean bheag lá gabháil a' bóthar,
'S oró grá mo chroí,
Is cé chásfaidh dúinn ach Gruagach an óir bhuí,
Cuach mo lon dubh buí.

D'fhiafair sí domhsa an 'níon domh an óigbhean,
'S oró grá mo chroí,
A's dúirt mé féin gurb í mo bhean phósta í,
Cuach mo lon dubh buí.

D'Tabharfaidh tú domhsa choíche go deo í?
'S oró grá mo chroí,
Muna ndéanfaidh tú sin liom dhéanfaidh mé 'n cóir leat,
Cuach mo lon dubh buí.

Gabh thusa 'na mullaí 'gus mise 'na móinte,
S oró grá mo chroí,
S ca bith fear a leanfaidh sí bíodh sí go deo aige,
Cuach mo lon dubh buí.

Chuaigh seisean 'na mullaí 'gus mise móinte,
'S oró grá mo chroí,
'Gus lean sí an Gruagach, b'aige a bhí 'n óige,
Cuach mo lon dubh buí.

D'fhill mé 'na bhaile go buartha cráite,
'S oró grá mo chroí,
Gus shuigh mé síos ar mo leabaidh trí ráithe,
Cuach mo lon dubh buí.

D'fhan sí amuigh aige bliain is trí ráithe,
'S oró grá mo chroí,
Agus tháinig sí, 'na bhaile, mo Mhallaí gan náire,
Cuach mo lon dubh buí.

A ghiolla adaí istigh caidí mar atá tú?
S oró grá mo chroí,
Mar is olc le mo charaid is maith liom mo námhaid,
Cuach mo lon dubh buí.

Caidé a dhéanfá dá bhfaighinnse bás uait?
'S oró grá mo chroí,
Chuirfinn ort cónair dara na gcúig gclár,
Cuach mon lon dubh buí.

Caidé inniu agus cuach amárach,
S oró grá mo chroí,
'Gus cuach bheag eile achan lá go ceann ráithe,
Cuach mon on dubh buí.
song info:
Verified yes
Language
Genre
Rank
Duration00:03:02
Charts
Copyright ©Sony/ATV Music Publishing
WriterMairead Ni Mhaonaigh
Lyrics licensed byLyricFind
AddedAugust 25th, 2005
Last updatedMarch 5th, 2022
About

Album Details

Video

Songs you may also like

Altan
Similar genre
Popular on LetsSingIt
New on LetsSingIt
show all Altan songs
show more songs with similar genre
show this week's top 1000 most popular songs
show all recently added songs

Contributors

leaderboard
activity

Comments (0)